Subject
Ar an 15 Feabhra 2022, sheol Leas-Uachtarán OL don Chomhpháirteachas Domhanda agus Pobail, an tOllamh Máiréad Moriarty, COMHRÁ, sraith deich vignette i bhfoirm físeáin ina mbeidh cleachtóirí pobail i mbun comhrá le foireann an Chláir Eolas ar mhaithe le hAthrú (K4C) in OL ag taispeántas de chuid CHOMHPHÁIRTEACHAS OL.
Tá sé mar aidhm ag an acmhainn oscailte teagaisc agus foghlama, a bhaineann leas as eachtraí tábhachtacha ón bhfíorshaol, tacú le mic léinn, le comhaltaí foirne agus le comhpháirtithe pobail a bhíonn ag plé le pobail, trí mhodúil, socrúcháin, tionscadail agus taighde.
Cuireann COMHRÁ cur chuige insinte maidir le teagasc agus foghlaim chun cinn trí scéalchlárú, comhráite eagraithe, agus físléiriú a ionchorpú in ábhair théamacha shaincheaptha a bhaineann le Taighde Rannpháirtíochta Pobalbhunaithe (CBPR). Trí dhíriú ar phríomhthéamaí agus scileanna CBPR, bainfear úsáid as na físeáin chun plé agus machnamh criticiúil a spreagadh i suíomhanna éagsúla teagaisc agus foghlama. Tá gné dhátheangach ag baint le gach físeán, agus tá cuid de na príomhchomhráite i nGaeilge le fotheidil Bhéarla.
Cuireadh maoiniú ar fáil d’fhorbairt na hacmhainne ó Chiste Teagaisc agus Foghlama AHSS (E2000) faoi threoir Mheantóirí agus Chomhléiritheoirí na Sraithe K4C: An Dr Deirdre Ní Loingsigh (Ceannaire Acadúil & Bainisteoir Tionscadail) agus an Dr Orfhlaith Ní Bhriain (Comhoibrí).
Trí leas a bhaint as líonraí K4C áitiúla agus domhanda, beartaítear gníomhaíochtaí comhroinnte cleachtais agus deiseanna comhairliúcháin faoin bpróiseas comhoibríoch ina ndéantar ábhair a dhearadh, cuir chuige oideolaíocha chun modheolaíocht vignette a úsáid, agus bealaí chun an acmhainn a oiriúnú do riachtanais éagsúla foghlaimeoirí freisin.
Tá COMHRÁ mar chuid de thionscnamh forbartha curaclam K4C ar scála níos mó in OL. Tá treoir úsáideora do theagascóirí á réiteach faoi láthair i gcomhar le meantóirí agus le páirtithe leasmhara K4C. Áireoidh sé seo creat oideolaíoch agus roinnt gníomhaíochtaí samplacha chun tacú le foghlaim mhachnamhach agus le Foghlaim le cuidiú Teicneolaíochta.
Agus í ag trácht ar thábhacht na hacmhainne, luaigh an Dr Mary Fitzpatrick, Ceannasaí, an Lárionad don Fhoghlaim Bhunathraitheach, an t-ualach oibre a bhaineann le hacmhainn shaincheaptha den sórt sin a chruthú, agus an poitéinseal atá ann go dtacódh an tionscadal le hoideolaíocht agus le modheolaíocht an vignette ar fud na hInstitiúide.
Thagair an tOllamh Rajesh Tandon, comhchathaoirleach Chathaoir UNESCO le Taighde Pobalbhunaithe agus Freagracht Shóisialta san Ardoideachas, do na nuálaíochtaí agus don cheannaireacht maidir le dearadh curaclam agus ábhar CBPR i Luimneach. Mhol sé freisin Meantóirí K4C as a dtacaíocht do thosaíocht straitéiseach thionscnamh UNESCO gur cheart ábhair theagaisc agus foghlama CBPR a chruthú i dteangacha áitiúla, sa chás seo an Ghaeilge.
Tá an-aitheantas ag dul dá mhéad a chuireann comhghleacaithe agus comhpháirtithe i gcaidrimh phobail-ollscoile ar fud an réigiúin le forbairt na sraithe. Is mór againn freisin tacaíocht fhoireann K4C OL agus obair CRUDE MEDIA (an Comhlacht Léiriúcháin). Is féidir teacht ar an acmhainn ANSEO: Gach fiosrúchán chuig [email protected] (Meantóir K4C, Teangacha agus Cultúr, OL)
Period | 15 Feb 2022 |
---|
Media coverage
Media coverage
Title UL Engage COMHRÁ Launch Degree of recognition Regional Media type Web Country/Territory Ireland Date 15/02/22 URL https://www.ul.ie/artsoc/articles/ul-engage-comhra-launch Persons Deirdre Ní Loingsigh